Fréamhaíonn sé mé a deir Gabriel Rosenstock agus é ag caint ar haiku a chleachtadh. Tugann sé dearcadh eile dom ar cad is áilleacht ann.
Labhair Rosenstock freisin ar an íonghlanadh intinne a ghabhann leis an haiku. Go dtugann scríobh agus léamh haiku peirspeictíocht nua dó ar an saol, saol atá níos glé agus níos glaine dá bharr. Táim tógtha leis an smaoineamh seo - go bhféadfainn machnamh a dhéanamh i seacht siolla dhéag. Ach is dócha go n-oirfeadh foirm an senryū níos fearr domsa - baineann siad le faona daonna seachas dúile an dhúlra, agus is duine daonna lán faona mise.
Trathnóna inné bhí mé i mo shuí ar bhínse in aice na canála, ag fanacht leis an Jaffa Cake le dul ag gig an Jimmy Cake. Bhí seisean ag rith mall agus bhí mise préachta leis an bhfuacht, le creathanna i mo cholainn, ar tí an chantail. Chinn mé ar haiku a scríobh; triail breith ar an nóiméad agus an ruaig a chur ar mo cholg.
Ach bheadh easpa ábhar léitheoireachta oraibhse ansin.

ag feitheamh, foighneach,Dá bhféadfainn chuile éispearas a bhíonn agam ar bhruacha na canála a scagadh mar seo, bheadh suaimhneas intinne i ndán dom.
an fuacht, láimhíní in
uachtar ar fhaisean
Ach bheadh easpa ábhar léitheoireachta oraibhse ansin.
8 comments:
Is this haiku about ice cream?
I like ice cream.
no.
sorry.
An raibh Seamus Cáca Milis go maith?
thar cionn ar fad, agus bhí Chequerboard agus Adebisi Shank iontach chomh maith.
Were you sitting on Paddy K's seat?
no, Conan, myself and my huff were huddled on a bench by the Charlemont Luas. i like sitting beside Paddy for the odd cigarette though, he's a good listener.
Ach seans go mbeadh níos mó spraoi le baint againn as bearnaí na haikúanna a líonadh!
Caithfead a rá gur beag suim agam i liricí, agus níos lú i haikúanna.
Ní fheidhmíonn siad dom.
Tré mhaith, anois, sin ceist eile.
Na trí nithe is fuaire amuigh?
Glún fir,
Srón con
agus cíoch mná
I love that Paddy Kavanagh Statue. Probably my favourite in Dublin. I pass him a lot on the way to work. Someone had put a jacket on him once.
Post a Comment