Cé gur gheall mé dom féin nach ndéanfainn gearba a scrabhadh a thuilleadh, ar ndóigh sin go díreach a bhí ar bun agam ag an deireadh seachtaine. Chuaigh mé thall go Londain le cuairt a thabhairt ar fear atá mar chara agam, agus mar leannán anois is arís. Nó b'fhéidir mar leannán agam agus mar chara anois is arís... ní fheadar. Thar a bheith simplí ach casta mar sin féin, mar a bhíonn na cúrsaí seo i gcónaí. B'fhearr dom deireadh a chur leis an caidreamh, b'fhéidir, ach níl an misneach agam seasamh siar agus rud éigin níos fearr a éileamh dom féin i láthair na huaire. Easpa féinmhuinín, an ghnáthrud.
Agus le breis crá agus creach a tharraingt orm féin, chinn mé ar teagmháil a dhéanamh le fear eile fad agus a bhí mé sa chathair, iar-leannán eile, an fear céanna a chur fonn filíochta orm ar an mblag seo i mí Dheireadh Fómhair (I know, an náire. Filíocht!). Theastaigh uaim bualadh leis arís chun go bhféadfainn mo cheann a réiteach, ionas nach mbeinn ag brionglóideach air a thuilleadh. Bheadh deoch againn agus thuigfinn nárbh é an duine céanna a bhí i mo cheann agam, bheadh díomá orm, agus faoiseamh, agus rachainn abhaile arís le leanacht lem' thóraíocht.
Pfft. Ar ndóigh, níor oibrigh sé. Bhí mé ag insint do mo dheartháir mar gheall air agus bhí mé buíoch dó as an tuiscint agus an chomhbhá a léirigh sé dom, mar a bhím i gcónaí. "It never seems straightforward for you alright..."
I'm even more grateful to him because he didn't say what I was thinking - that I really don't make it easy for myself.