A chairde dhíl, más de dheasca m’ainmniúchán sa rannóg Lip Service to the Irish Language a tháinig sibh anseo, gabhaim leithscéal. Cé go bhfuil Gaeilge líofa (agus gramadach lofa) agam, ‘sé Béarla mo rogha teanga ar an mblag. Mar a tharlaíonn, níl aon rud scríofa agam i nGaeilge ó 2009. Tuigeann mo léitheoirí go bhfuil Gaeilge agam, is dócha, agus mar thoradh ar a ndea-thoil (agus a ndíograiseacht i leith gach bhosca a líonadh ar an bhfoirm) a ainmníodh mé. Táim buíoch dóibh as smaoineamh orm, ach sílim go léiríonn sé easpa measa ar an rannóg Use of the Irish Language in a Blog go bhfuilim anois ar an liosta don chomórtas ceannais.
Glacaim leis go rabhadar gann ar ainmniúcháin. Is dócha go bhfuil pobal léitheoireachta na mblaganna Gaeilge beag go leor, agus seans nach mbacann roinnt mhaith acu le blaganna a ainmniú do na Mulleys. Níor bhac mé féin. Léigh mé tríd na liostaí, áfach; drochnós ar chomhcéim le mo shrón a phiocadh. Thugas faoi deara nach raibh rannóg na Gaeilge ar na gearrliostaí a foilsíodh an tseachtain seo chaite, agus bhíos ag déanamh iontas an bhfuaireadar réidh leis. Feicim go bhfuil urraíocht ag an gcatagóir – an é nach bhfuil moltóirí ann dó? Go bhfios dom, ní dhearna éinne moltóireacht ar an mblag seo i leith na Gaeilge go fóill, ainneoin gur foilsíodh liosta na n-iomaitheoirí sa chomórtas ceannais. Sonraíonn staitisticí an suímh na cuairteanna ó na moltóirí agus ní dheachaigh éinne acu níos faide ná an leathanach tosaigh, ná ní dhearna éinne acu cuardach d’ábhar i nGaeilge. Bhíos ainmnithe i rannóg eile agus seans go rabhadar i mbun moltóireacht ar sin, ach shílfeá go ndéanfaí cinnte de gur chomhlíon iarrthóirí bunriachtanas na rannóige roimh áit sa chraobh a thabhairt dóibh. Ní haon leithscéal easpa iomaíochta ar an easpa cúraim, agus tá níos fearr tuillte ag urraitheoirí na rannóige (Edgecast Media) agus acu siúd a scríobhann i nGaeilge agus a mbeadh dúil acu aitheantas a fháil as.