Wednesday, March 05, 2008

Comhbhrón Agus Caoineadh Conor Synnott

I got a call from my brother early this afternoon with the news that Conor's body has been found. It's heartbreaking for his family, his friends, for everyone who knew and loved him.

Cé nach bhfaca mé Conor le roinnt blianta anuas, bhí agus beidh sé i gcónaí i mo chuimhne. Ba chlann ollmhór iad muintir Synnott i gcomparáid leis an dream s'againne; seisear páiste san iomlán agus tuismitheoirí chomh lách, croíúil agus ceanúil le mo thuismitheoirí féin. Ba chúis sceitimíní i gcónaí na saoire i mí Lúnasa dom, mar óna raibh mé i mo pháiste an-óg go dtí go raibh mé i mo dhéagóir soiniciúil rachadh muid ar saoire leo ar feadh coicíse go baile beag iargúlta i gcontae Chiarraí. Áit a raibh chomh fada sin a shiúl ó bhruachbhailte Baile Átha Cliath gur shíl muid nach mbainfimid amach riamh é; turas marfach sa Talbot Solara a thiomáin m'athair. Áit a raibh chomh fada sin ó mo thaithí ar an saol mar Jackeen. Áit a raibh deis agam crochadh thart leis agus lena dheartháir óg a bhí ar chomhaois liomsa, mé leath i ngrá leis an mbeirt acu. Bhí Conor féin sé bliana níos sine ná mé, an chéad crush gur cuimhin liom a bheith agam. Chomh cool, cumas ealaíne aige, cumas grinn, cliste, dathúil, spraíúil, spreagúil. Mé mar dhéagóir óg ag brionglóideach go dtitfeadh sé i ngrá liom chomh luath is go mbeinn i mo bhean. Sílim go raibh mé leath ag brionglóideach sin go fóill nuair a rinne mé iarracht bualadh leis thall i Sydney anuraidh ach ar an ndrochuair níor éirigh linn bualadh lena chéile sa deireadh, ceal ama roimh domsa taisteal abhaile arís.

Níl insint ar an gcroíbhriseadh a bheidh ann ina dhiaidh dá chlann agus cairde. Ní féidir rud ar bith a dhéanamh anois ach cuimhne air, agus é a chaoineadh.

4 comments:

Manuel said...

really sorry to hear that Rosie.....hugs n that

Primal Sneeze said...

A Rosín, mo stóirín. Ta brón orm. Níl fhios agam cad a rá, ach tabhair aire duit féin.

backpedalbrakes said...

So sorry, Rosie.

Anonymous said...

Although I did not know him, I was very sorry to hear the search for Conor didn't have a happy ending. My thoughts and prayers are with his family and friends at this very sad time. May he rest in peace. Amanda