...a deir Primal, anseo. Tá an ceart aige; ní go rómhinic a scríobhaim i nGaeilge. Tá líofacht níos fearr agam sa Bhéarla, foclóir níos fairsinge, gramadach níos fearr. Tógadh le Béarla mé (cé go bhfuair mé m'oideachas trí Ghaeilge, ón naíonra ar aghaidh) agus mar sin tá an chuid is mó de na leaganacha cliste canúnacha atá agam i mBéarla seachas i nGaeilge, agus is iad a chuireann le saibhreas na scríbhneoireachta. Cumaim frásaí agus focail i mBéarla nach mbeadh sé de dhánaíocht agam iad a chumadh i nGaeilge mar is cinnte go ndéanfainn botún leis an ngramadach. Tá tuilleadh staidéir ar bun agam faoi láthair leis an easpa muiníne seo ó thaobh na gramadaí a réiteach agus gach seans ansin go scríobhfaidh mé úrscéal Gaeilge ár linne. Idir an dhá linn, leanfaidh mé orm.
Luaigh Catherine an lá cheana gur thug sí vóta dom as ucht úsáid na Gaeilge ar an blag, agus thug mé freagra macánta uirthi mar ní dóigh liom go bhfuil an gradam sin tuilte agam beag ná mór -
i tend to only use it when i'm writing something i don't want everyone to be able to read
Nach damanta an ráiteas é sin? D’fhreagair Annie -
I think "secret language code" is probably the best use of Irish these days anyway. That and "looking cool in front of foreigners".
Tá an ceart aici, dar leis an bhformhór, is dócha. I gcomhthéacs an blag is cinnte go bhfuil an Ghaeilge úsáidte agam ar an dóigh sin – ní maith liom blaganna le breacthaí príobháideacha orthu agus seo bealach domsa le fáil thairis. Ó am go chéile scríobhaim i nGaeilge toisc go bhfuil sí níos nádúrtha do pé ábhar atá faoi chaibidil agam, nó toisc gur trí mheán na Gaeilge a tharla na heachtraí a bhfuil mé ag trácht orthu. Baineann ego leis an rogha gan scríobh i nGaeilge chomh maith, caithfidh mé a admháil nach scríobhaim dom féin amháin agus gur cúis bród dom é go bhfuil lucht léitheoireachta agam. Táim cinnte nach mbeadh an lucht léitheoireachta céanna agam dá mbeinn ag spalpadh liom i nGaeilge. Rud nach dtaitníonn liom, ach atá fíor. Níl foighne an Major agam le chuile rud a fhoilsiú go dhátheangach.
Cloím leis an mBéarla freisin toisc go mbaineann mo phost le saol na Gaeilge, agus bheadh faitíos orm go gcaillfinn saoirse m’ainm cleite dá mbeadh an pobal dlúth sin ar an eolas faoi sonraí mo shaoil príobháideach – mar a luaigh mé cheana. Ó lá go lá is ambasadóir teanga mé. B’fhearr liom an spás seo a choinneal le bheith i mo phleidhce.