Aitheantas sa deireadh thiar as úsáid fánach na Gaeilge ar an mblag! Seachain do thóin, Rua... Dáiríre, is mór an onóir é go bhfuil éinne sásta an seafóid seo a léamh fiú, gan trácht ar í a mheas agus smaoineamh ar duais a bhronnadh orm aisti. Mar a luaigh mé cheana, táim sáite sa Ghaeilge amuigh ansin i saol na hoibre agus coinním an spás seo le haghaidh seafóid phearsanta, i mBéarla don chuid is mó ar mhaithe le m'fhíor persona grata a choinneáil faoi cheilt. Ach briseann an dúchas trí shúile an chait, agus is deas iad na deiseanna atá tagtha i mo threo de bharr úsáid na Gaeilge anseo ó am go chéile. Cuireadh le colún a scríobh in iris; Iris clóite (probably... sé sin gach seans go mbeidh sé clóite seachas ar fáil ar líne amháin)... Blagáil anois mar chatagóir i gcomórtais liteartha an Oireachtais... Iomrá ar an nGaeilge agus blagáil sna meáin... Léitheoirí ó gach coirneáil den domhain a thagann anseo ar mhaithe le raiméis mar gheall ar buachaillí agus ólachán a léamh trí Ghaeilge... Agus pleidhce amháin thall i Londain a rinne tréaniarracht (le cabhair ó Focal.ie) breacadh amháin a aistriú go Béarla mar gur cheap sé go raibh sé ag déanamh trácht dó féin. Níl teorainn lena ego, is cosúil.
Tá sé de phribhléid agam bheith in ann an teanga ab ansa liom a úsáid go laethúil, san obair, lem' chairde. Mothaím ciontach, uaireanta, nach scríobhaim inti anseo. Ach ag deireadh an lae, fuck it. Má tá roinnt agaibh anseo díreach ar mhaithe leis an nGaeilge a léamh, roinnt agaibh toilteanach freagraí a scríobh i nGaeilge agus roinnt eile fiosrach a dhóthain le iarracht a dhéanamh na breacthaí Gaeilge a aistriú, is leor sin dom' ego féin i láthair na huaire.