Saturday, April 12, 2008

Review: No Béarla II

Luaigh mé cheana an díomá a bhí orm le No Béarla nuair a craoladh anuraidh é agus an phríomhlocht a bhfuair mé air ná cur chuige Manchán féin. Chonaic mé clár ón sraith nua tráthnóna inné, agus bhí díomá orm athuair.

Tá formáid an chláir athraithe acu; in áit Magan a bheith ag spaisteoireacht go hionsaitheach timpeall na tíre tá sé os comhair lucht féachana, ag óráidíocht leis agus ag taispeáint scannáin den taighde eolaíochta atá déanta aige ar cheist na teangan. Chuir na turgnaimh éagsúla na tionscnaimh a rinne mé féin is mo chairde don Young Scientists Exhibition i gcuimhne dom - bhí siad seafóideach, ró shimplithe; ní bhuamar aon trófaithe.
Ina measc bhí an cheann seo a bhíonn de shíor ag teacht idir mé agus codladh na hoíche: Cad a tharlódh dá gcuirfeá lucht na Gaeltachta faoi scrúdú polygraph le fáil amach conas a réitíonn siad le foghlaimeoirí Gaeilge? Fuck all, is cosúil.

Teilifís leamh, leadránach a bhí ann, le blas na seanmóireachta air. Ag pointe amháin luaigh sé go raibh roinnt eachtrannach, inimircigh go hÉireann ina measc, go raibh Gaeilge foghlamtha acu agus go bhfuil sí ar a dtoil anois acu. Mar a tharla sé, bhí ceathrar acu sa lucht féachana. Suas leo ar stáitse, bualadh bos, comhghairdeas libh as an éacht seo atá déanta agaibh.
Mo náire sibh, muintir na hÉireann, nach bhfuil sibh féin chomh dílis don teanga. What bollocks. Cuireann an cineál sin smaoineamh olc agus cantal orm. Cloisim go minic é; chomh luath is a thuigeann daoine go bhfuil Gaeilge líofa agam, gabhann siad leithscéal liom agus míníonn siad dom go bhfuil náire orthu nach bhfuil siad féin in ann í a labhairt. Cén fáth? Cad chuige go mbeadh náire ort? Léigh mé tuairimí den chinéal seo ar roinnt blaganna le déanaí chomh maith, cinn Patrick agus Maria ach go háirithe (agus caithfidh mé a admháil anois go bhfaighimse blag Mharia thar a bheith coimeádach agus uaireanta cúngaigeanta ó thaobh na tuairimíochta de, ach is dóigh liom go bhfuil go leor daoine amuigh ansin a bheadh ar aon intinn léi). Tuigim go mbíonn aiféala ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu i ndiaidh dóibh í a fhoghlaim ar scoil, go mb'fhéidir go mbraitheann siad gur chuir siad deis amú. Níl gá leis na mothúcháin diúltacha seo ar chor ar bith. Lig leis agus beidh leat. Ní dhéanann siad maitheas ar bith d'éinne seachas, b'fhéidír, Manchán.

No Béarla III, anyone?