D'fhág mé tearmann teolaí an árasáin anocht le siúl síos chomh fada leis an mbáisín. Le toitín a bheith agam. Le faoiseamh a lorg ón mbuairt atá do mo chrá le roinnt laethanta anuas, leis an scamall dubh, duairc a ghealadh ó m'aigne. Ach ní raibh mé i bhfad ag siúl sular tháinig an bháisteach agus ag lorg foscadh dom, chonaic mé go raibh mo las fágtha i mo dhiaidh agam. Tháinig deora i mo shúile ansin agus mé ag triall ar an mbaile arís, mé náirithe leo agus leis an bhféintrua.