Huzzah! Féach ar seo - Puball na Gaeilge ag an Picnic EkelektriK! Ní bheidh orm dul ó chrusty go crusty ag lorg duine éigin le Gaoluinn a labhairt liom a thuilleadh, mar beidh Manchán ina emMCee! Tá mé thar a bheith excited, thaitin No Béarla chomh mór sin liom go bhfuil mé meidhreach macnasach leis an nóisean go mbeidh sé ann sa flesh.
Ní gá go gcuirfí mo mhacnas meidhreach amú ach oiread mar feicim go mbeidh scóráil sciobtha (luaschliúsaíocht?) acu sa phuball, so tá seans (cuíosach) ann go n-éireoidh liom fear breá a aimsiú dom féin (rud nach dtarlaíonn ariamh domsa ag féilte ceoil, ach measaim go mbeidh ratio níos fábharaí anseo - ó mo thaithí ar imeachtaí Gaeilge sa phríomhchathair ar aon nós). Beidh Karaoke CLG acu chomh maith (nó "Karaoke GAA" dóibh siúd nach tréanghaeilgeoirí iad - níl Gaoluinn líofa agat muna mbaineann tú úsáid as na hacrainmneacha, ambaiste!) ach toisc nach bhfuil suim dá laghad agamsa i gcúrsaí spóirt, sílim go bhfanfaidh mé leis an mBingo le Hairy O'Mara. Taithníonn liathróidí go mór liom. Tá drámaíocht agus seó puipéid geallta dúinn chomh maith, ach má éiríonn leis an muppet áirithe seo bualadh le MC Muipéad arís tá chuile sheans ann go ndéanfaidh sí exhibition ceart di féin os comhair pé lucht féachana a bheas ann (is leor nod don eolach).
Feicim go bhfuil leathanach ar shuíomh na Picnice féin mar gheall air, ach níor thuig mé focal dá raibh ann de dheasca é a bheith scríofa i dteanga aisteach éigin. Chur mé ríomhphost acu láithreach bonn le gearrán a dhéanamh mar go raibh mílitriú acu ar an bhfocal "Gaeilge" fiú amháin, agus nach bhfuil an téacs acu i nGaoluinn bhlasta. Manchán! Get the finger out! Sin a dhéanann Gaeilgeoirí maithe, no? Gearáin faoimionmórphointí gramadaí? Anyhoo, feicim ón suíomh go mbeidh "prompters" acu, dóibh siúd atá ólta a dhóthain le freastal ar imeachtaí ann ach nach bhfuil dóthain Gaoluinn bhlasta acu le fuck-all a thuiscint. Sílim go gcuirfidh mé m'ainm chun tosaigh le bheith mar duine de na cigirí pokers seo, samhlaigh an chraic a bheadh agat. Aistriúchán chomhuaineach don scóráil sciobtha - "cad is ainm duit?" "eh, nice tits".
Bhí mé ag iarraidh smaoineamh ar conas go bhféadfainn slot a fháil dom féin ar an mbille. Seó beo an Chailín sa Chathair, bhur mbarúil?
Ní gá go gcuirfí mo mhacnas meidhreach amú ach oiread mar feicim go mbeidh scóráil sciobtha (luaschliúsaíocht?) acu sa phuball, so tá seans (cuíosach) ann go n-éireoidh liom fear breá a aimsiú dom féin (rud nach dtarlaíonn ariamh domsa ag féilte ceoil, ach measaim go mbeidh ratio níos fábharaí anseo - ó mo thaithí ar imeachtaí Gaeilge sa phríomhchathair ar aon nós). Beidh Karaoke CLG acu chomh maith (nó "Karaoke GAA" dóibh siúd nach tréanghaeilgeoirí iad - níl Gaoluinn líofa agat muna mbaineann tú úsáid as na hacrainmneacha, ambaiste!) ach toisc nach bhfuil suim dá laghad agamsa i gcúrsaí spóirt, sílim go bhfanfaidh mé leis an mBingo le Hairy O'Mara. Taithníonn liathróidí go mór liom. Tá drámaíocht agus seó puipéid geallta dúinn chomh maith, ach má éiríonn leis an muppet áirithe seo bualadh le MC Muipéad arís tá chuile sheans ann go ndéanfaidh sí exhibition ceart di féin os comhair pé lucht féachana a bheas ann (is leor nod don eolach).
Feicim go bhfuil leathanach ar shuíomh na Picnice féin mar gheall air, ach níor thuig mé focal dá raibh ann de dheasca é a bheith scríofa i dteanga aisteach éigin. Chur mé ríomhphost acu láithreach bonn le gearrán a dhéanamh mar go raibh mílitriú acu ar an bhfocal "Gaeilge" fiú amháin, agus nach bhfuil an téacs acu i nGaoluinn bhlasta. Manchán! Get the finger out! Sin a dhéanann Gaeilgeoirí maithe, no? Gearáin faoi
Bhí mé ag iarraidh smaoineamh ar conas go bhféadfainn slot a fháil dom féin ar an mbille. Seó beo an Chailín sa Chathair, bhur mbarúil?