Sunday, October 12, 2008

Sunday's Milk And Honey

Bíonn rianta le chuile ní a dhéanaimse na laethanta seo, fuaimeanna fileata a bheireann bua, beocht agus brí leo. Sí Jetta's Palace a bhí i mo chluasa inniu, agus blasfaidh mé milseacht meala na maidine as seo amach aon uair a chloisimse a caoince.