Níor chodail mé go rómhaith arú aréir - i mo dhúiseacht roimh bhreacadh an lae agus cantal orm faoin am gur mhúscail mo leannán. Ní raibh oíche rómhaith aige féin agus bhí sé le mbraistint ina bharróg, corp lán teannais agus é ag déanamh ceann croí liom. Ní fheadar cén bhrionglóidí a bhagair orainn bheirt i rith na hoíche.
Cith breá the leis an ruaig a chur ar an gcolg, ach níor éirigh liom an coimhthíos a ní dom' chraiceann. Thug mé bricfeasta dó, an coimhthíos seo; shuíomar chun bord lena chéile agus bhriseamar cornflakes, mé ag súil le teacht ar chomhréiteach eadrainn.
Shuigh mé liom féin ag an tórramh. Ag seasamh is ag suí leis an slua, lámha i mo phócaí. Níor chur mé mo shíocháin in iúl d'éinne. Beannaithe idir strainséirí.
Chaitheas an tráthnóna ag fútamáil go mífhoighneach. Bhí aiféala orm go dtáinig mé ar ais chun na hoibre ar chor ar bith, b'fhearr i bhfad go mbeadh leithscéal déanta agam. Tinneas cinn, b'fhéidir, breoiteacht an bhróin. Ach coinním orm. Snarkleton mímhúinte, míshásta, míchompordach, mídheas. It's all me, me, me, me, me. Stompleton crosta i mbuataisí buachalla bó. Cuirim cúpla uair díom ar an gcaoi seo roimh go ngreadaim na cosa céanna i dtreo an bhaile, sála á sracadh faoin am a bhainimse Lána na Suiríoch amach.
Cinnim ar dul a luí ag a leath i ndiaidh a naoi. Táim tuirseach, agus tuirseach de. Mo dhóthain agam den droch spin seo. Leagtha amach ar an leaba, buidéal fíona agus litir chumainn. Níl na focail aige, a deir sé.
Ach tá.