Chuirfeadh siad soir thú. Agus tá an cuma ar an scéal nach gcuireann mé féin isteach ná amach orthu ar chor ar bith. Tá beirt ag déanamh buairt dom faoi láthair (caifear roghanna a bheith agat, ar ndóigh) cé nach bhfuil faic ag tarlú le ceachtar acu.
Is cosúil go bhfuil polsaí treat 'em mean, keep 'em keen ag an Astrálach gur chas mé leis sa Phólainn, agus tá mé mífhoighneach ag fanacht ar scéal uaidh. Déarfainn gur féidir dearmad a dhéanamh ar sin, dáraire. Táim cinnte go bhfuil mná mealltacha i ngach áit thall i Londain, agus go bhfuil rudaí níos fearr aige le déanamh ná bheith ag smaoineamh ormsa. Níl mórán cloiste agam uaidh le coicís anuas, agus mise a sheol an ríomhphost deireanach. Sin ráite, bhí sé suimiúl an cuntas a scríobh sé ina bhlag féin ar an t-am a chaitheamar sa Phólainn a léamh. Cheapfá, á léamh, go raibh suim aige ionam.
Agus is cara liomsa an dara duine acu. Níor cheart dom fiú smaoineamh air sa chaoi sin, mar níl dóigh ar bith faoin spéir go dtarlóidh aon rud eadrainn. Tá cailín aige cheana féin, agus beidh sé ag fágáil na tíre ag deireadh na míosa seo chugainn, in éineacht lena chailín, le cur futhu thar lear. Gach seans gurbh é sin an fáth go bhfuil mé chomh tógtha leis.
Ní fiú dom a bheith buartha mar gheall ar na rudaí seo, ach bím.