Thursday, November 22, 2007

Some Uppity Know-It-All*

Tháinig mé ar seo via blag Roseanne inniu agus mé ag déanamh roinnt taighde ar bhlagadóireacht i nGaeilge. Maith í gur fhág sí nóta tráchta ar a bhí scríofa aige. Chuir a bhí scríofa aige agus an dóigh ina raibh sé scríofa droch-ghiúmar orm, ach níl sé d'fhoighne agam nóta a fhágáil dó mé féin. Ní dóigh go n-athrófaí a intinn cuma cé chomh réasúnta d'argóintí. Ní minic a phléim cúrsaí teangan anseo (d'aon ghnó) agus níl mórán suim agam iad a phlé ach oiread. Ach ba eiseamláir é seo den chineál meon cúngaigeanta diúltach a bhíonn ag daoine i leith na Gaeilge agus shíl mé gur fiú é a lua, ar eagla go mbeadh fonn ar na Gaeilgeoirí tréan ag Daltai.Com tacú le Roseanne agus roinnt lip a thabhairt dó.

I'm not in the least bit surprised to see that he's an accountant.

*Sounds like something your nana would say, doesn't it? A Bit Of A Prick didn't grab me too much as a title though.