Thursday, December 27, 2007

Because Life Is Too Short

Chuala mé an oíche cheana gur bhris sé suas lena chailín. Bhíodar le chéile ar feadh na blianta. Bhí sé amhrasach faoin gcaidreamh le tamaill sách fada (cé go ndéarfadh sé sin liomsa ar aon nós, is dócha). Cé gur chas mé leis cúpla uair, ní rabhamar le chéile ach an t-aon uair amháin sin, breis agus bliain ó sin. Deacair an tionchar a bhí ag an oíche sin ar an mbeirt orainn a chreidiúint. Ní fhacamar a chéile ó shin mar go bhfuil cónaí air thall i Sasana. Mí nó dhó ó shin chuir me stop leis an gcomhfhreagras eadrainn, níorbh fhiú dom an chrá croí a tharraingt orm féin fhad agus a bhí sé fós ag siúl amach léi.

Agus ansin dúradh liom thar dinnéar an oíche cheana go bhfuil siad scartha. Gur eisean a chur deireadh leis. Tuigim go mbeidh sé trína chéile, nach mbeidh sé ceart ná réidh le smaoineamh ar éinne eile fiú ar feadh i bhfad. Ach chur mé ríomhphost chuige, dhá líne, díreach le rá go raibh an scéal cloiste agam, go bhfuil súil agam go bhfuil sé okay agus go bhfuil mé ag smaoineamh air.

Gach seans go mbeidh aiféala orm. Ach b'éigin dom dul sa seans.