Wednesday, February 13, 2008

Maudlin Valentine's Post

Seriously, I'd Be Chuffed

Feicim go bhfuil “coinne chéad aithne” mar théarma tráthúil ag Focal.ie anocht. Shites. Bliain eile lán féidearthachtaí imithe tharam agus mé fós i m’aonar ar Lá Fhéile Fuck-it-Anyway. Ba bhreá liom bheith ar nós cuma liom, ach goileann sé go mór orm.

Táim braon de bheith ag gearán faoi. Táim braon den comhrá céanna a bheith agam le cairde arís agus arís eile; tarlóidh sé, tá duine éigin ann duit, titfidh tú i ngrá nuair nach bhfuil tú ag súil leis, casfaidh duine éigin ort, blah well-meaning blah. Agus táim cinnte de go bhfuil gach éinne eile braon de bheith ag éisteacht le mo ghearáin... sibhse san áireamh. Ní bhfaighidh mé aon chárta amárach, ná bláthanna, ná tada eile. Is cuma liom faoi na rudaí seo, ach ba bhreá liom dá mbeadh
duine éigin ann a bheadh ag smaoineamh orm, duine éigin le póg a thabhairt dom ar theacht abhaile dom. Mothaím uaigneach agus níos measa fós, mothaím seafóideach agus náirithe as bheith ag mothú uaigneach. Lá Fhéile Vailintín? Who gives a fuck? Mise, is cosúil.

Bhí mé ag ceapadh b’fhéidir go dtarlódh níos mó idir mé féin agus an Sasanach, ach tá sé thar a bheith ciúin ónar tháinig mé ar ais ó Londain. Chomh ciúin sin gur chuir sé deireadh lena bhlag, fiú! Níl sé de mhuinín agam (ná de cheart agam, dáiríre) é a cheistiú; tá an liathróid, is dóigh liom, ina luí i gcúirt s’aige agus idir an dhá linn níl le déanamh agamsa ach crochadh thart, ag fanacht go mífhoighneach ar comhartha éigin uaidh. Ní dóigh liom go dtiocfaidh an comhartha sin uaidh amárach, áfach, má fhaighimse ar chor ar bith é.

Ní deireadh an domhain é, dár ndóigh. Ach táim tuirseach den tóraíocht.